Planda bliantúil a fhásann 3 m ar airde, uaireanta dreaptha. Dúchasach do Mheiriceá theas. 3 dhuilleoigín leathan ubhchruthach ar na duilleoga. An pisbhláth bán, buí nó scothghorm, i gcrobhaingí beaga gasacha in ascaillí na nduilleog. Na cochaill suas le 20 cm ar fhad, ag cuimsiú síolta inite éilipseoideacha nó duánchruthacha. Tugtar pónaire dhuánach air freisin. Saothraítear an-chuid cineálacha mar ghlasra, agus itear an capsúl neamhaibí is na pónairí aibí. Soláthraíonn an planda uile foráiste d'ainmhithe.