Planda ilbhliantúil le bleib, déanta as duilleoga lannacha ata ag dul thar a chéile. Dúchasach do réigiúin mheasartha sa leathsféar thuaidh. An gas ag dul suas go díreach, neamhghéagach le cuid mhaith duilleog caol ailtéarnach nó bíseach. 6 theascán mór foirceanta iombhlátha ar na bláthanna, go minic ar crochadh. Trumpa-chruthach de ghnáth. nó an t-iombhláth rollta ar gcúl, cosúil le caipín Turcaigh. An-chuid dathanna, ach bán den chuid is mó, agus buí go dtí dearg is corcra, go minic ballach. Na staimíní fada ag gobadh amach. I gcuid mhaith saghsanna, tá na bláthanna an-chumhra.