Nathair nimhiúil de chlann na viperidae a fhaightear san Eoraip, an Áise is an Afraic. Goineoga feadánacha aici a úsáideann sí chun an nimh a instealladh ina creach. Beireann an chuid is mó díobh áil bheo. Colainn ramhar acu le ceann leathan (na faireoga nimhe is na matáin chucu ar an dá thaobh), triantánach go minic, na goineoga ceangailte leis an ngiall uachtarach chun tosaigh, ag filleadh go maol i gcoinne an charbaid sa bhéal. Scriosann an nimh uaithi cealla is fuileadáin, agus tarlaíonn rith inmheánach fola dá barr. An t-aon nathair nimhiúil sa Bhreatain.