dcsimg

Acorus calamus ( Irish )

provided by wikipedia GA

Planda ard bogach is ea Acorus gramineus (ar a dtugtar freisin an feileastram cumhracalamus). Is monacotailéadón é den fhine Acoraceae, sa ghéineas Acorus.

Cur síos

Luibh ilbhliantúil, 30 agus 100 cm ar airde is ea an feileastram cumhra. San ghnáthóg tá an luibh cosúil leis an inteachán. Tá sé comhdhéanta de thoim bhundhuilleogach a ardaíonn ó riosóm reatha. Bíonn na duilleoga ceartseasmhach, glasbhuí, radacach, le cumhdach bándearg a mboinn claíomh-chruthach, go réidh agus caol, ag barrchaolú isteach go dtí géarphointe fada, agus le féitheacha comhthreomharacha. Bíonn imill réidh ar na duilleoga, agus is féidir iad a bheith corrach nó rocach. Is féidir an feileastram a idirdhealú go héasca ón Inteachán, agus ó phlandaí den chineál céanna, toisc go mbíonn imill neamhghnách rocach ag a chuid duilleog, toisc an boladh cumhra a astaíonn uaidh nuair a bhrúitear é, agus a spáide, an saghas bláthra speisialta a bhíonn aige.

Nótaí agus tagairtí

license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA

Acorus calamus: Brief Summary ( Irish )

provided by wikipedia GA

Planda ard bogach is ea Acorus gramineus (ar a dtugtar freisin an feileastram cumhra nó calamus). Is monacotailéadón é den fhine Acoraceae, sa ghéineas Acorus.

license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA