dcsimg

Pis ( الأيرلندية )

المقدمة من wikipedia GA

Is glasra í an phis. Tagann sí ó phlanda bliantúil dreaptha a fhásann 2 m ar airde, dúchasach do dheisceart na hEorpa is tuaisceart na hAfraice. Na duilleoga le 1-3 duilleoigín ubhchruthach le teannóg ghéagach fhoirceannta. Na bláthanna suas le 3.5 cm ar fhad, bán, bándearg nó scothchorcra i gcrobhaingí beaga le 1-3 bhláth an ceann. Na cochaill suas le 12 cm ar fhad, leathfhada, suas le 10 síol iontu. Saothraithe ón aimsir réamhstairiúil ar son na síolta inite (na piseanna) a itear mar ghlasra úr, triomaithe, oighrithe, nó stánaithe. An-chuid cineálacha saothraithe, ina measc an phis bheag (petit pois) is an mange-tout ina n-itear an capsúl iomlán.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


ترخيص
cc-by-sa-3.0
حقوق النشر
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
النص الأصلي
زيارة المصدر
موقع الشريك
wikipedia GA