Planda gearrshaolach ilbhliantúil, rud beag tomach, a fhásann 80 cm ar airde, dúchasach don Eoraip. Na duilleoga íochtaracha urchomhaireach, is na duilleoga uachtaracha ailtéarnach. Na bláthanna go láidir síogamorfach, an feadán le dhá liopa, an ceann íochtarach trímhaothánach, le starr (an carball) a dhúnann an feadán is a dhéanann ardán tuirlingthe do na bumbóga. Is í an bhumbóg an t-aon fheithid atá trom láidir a dhóthain chun na liopaí a oscailt is fáil isteach chun teacht ar an neachtar istigh ann. Sa phlanda fiáin bíonn na bláthanna scothdhearg/corcra, ach bíonn raon dathanna ar na plandaí saothraithe. Fástar é mar mhaisiúchán bliantúil.