Planda bliantúil glasghorm nó liathghlas a fhásann 1 m ar airde, dúchasach don Eoraip is an Áise. Na duilleoga leathfhada, liopach go héadomhain; an gas fáiscthe; na bláthanna le 4 pheiteal; a chochall i bhfoirm pota piobair, le fáinne de phóir timpeall na fleisce. Sa ghné don ghairdín, nach mbíonn drugaí ann, dath liathchorcra a bhíonn ar na bláthanna agus lár dorcha iontu. Bláthanna bána a bhíonn sna gnéithe a tháirgeann drugaí. Faightear an t-óipiam trí ghearrthaí a dhéanamh sna síolchochaill ghlasa, agus sileann siad seo an t-úsc a mbíonn an t-óipiam ann. Scagtar an t-óipiam chun drugaí eile a tháirgeadh, moirfín ina measc.