Crann síorghlas a fhásann 18 m ar airde, clúdaithe le faireoga ola cumhra, is ea an abhacád. Meastar go bhfuil sé dúchasach do Mheiriceá Láir. Na duilleoga ubhchruthach leathrúil; na bláthanna 2 cm ar leithead, scothghlas/bán sémhaothánach; na caora piorra-chruthach leathrúil, ag fás suas le 15 cm ar fhad, glas, buí nó scothchorcra, le bia ramhar scothbhuí/glas inite timpeall ar chloch mhór amháin iontu. Saothraítear ar scála ollmhór é i gcuid mhaith réigiún teo cosúil le Meicsiceo is tíortha na Meánmhara. Is lú tomaí na crainn shaothraithe ná na crainn nádúrtha, le torthaí ar dhathanna is méideanna éagsúla a aibíonn ag tréimhsí éagsúla i rith na bliana.