dcsimg

Echeneidae ( Irlandèis )

fornì da wikipedia GA

Is fine iad na remoraí, (ainm eolaíoch Echeneidae), ar a dtugtar uaireanta súmairéisc, d'éisc gha-eiteach san ord Perciformes. Fásann siad go 30-90 ceintiméadar (1-3 tr) ar fhad, agus glacann a gcéad eití droma sainiúla foirm orgán athraithe ubhchruthach, ar nós súmaire le struchtúir slatacha a n-osclaíonn agus a dhúnann chun súchán a chruthú agus chun greim daingean a choimeád ar chraiceann ainmhithe muirí a bhíonn níos móire. Tré shleamhnú ar gcúl, is féidir leis an remora súchan a mhéadú, nó is féidir leis é féin a scaoileadh tré shnámh chun tosaigh. Uaireanta, ceanglaíonn siad le báid bheaga. Snámhann siad go maith leo féin, le gluaisne lúbach, nó chuartha.

licensa
cc-by-sa-3.0
drit d'autor
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visité la sorgiss
sit compagn
wikipedia GA