Prótasón, cosúil le haiméibe, a thálann sliogán seachtrach, cailcreach is cuasach de ghnáth. Itheann is gluaiseann sé trí phróisis phrótaplasmacha, sínte amach trí oscailtí sa sliogán. Orgánach muirí den chuid is mó. Cruthaíonn a n-iarsmaí dríodar ar an ngrinneall a dtugtar láib fhoramainiféarach air, agus bíonn cuid mhaith iontaisí ann.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.