Leathóg mhór a fhaightear ar bhunanna gaineamhacha in uiscí éadoimhne (10-75 m síos) in oirthuaisceart an Atlantaigh is an Mheánmhuir, den chuid is mó. Suas le 60 cm ar fhad. An dá shúil ar an taobh clé, an béal mór cuartha, gainmheach donn le baill dhubha is bhána. Iasc maith bia.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.