Is camall é an dromadaire a bhíodh fiáin san Araib tráth, ach ceansaithe anois. Is dromadairí 90% de na camaill ar Domhan, agus faightear iad sna fásaigh theo ó thuaisceart na hAfraice soir go dtí oirdheisceart na hÁise. Tugtar an camall Arabach nó an camall aonchruite air freisin. Ar dtús póraíodh é mar chamall éadrom lúfar Arabach le haghaidh marcaíochta is rásaíochta, ach anois is é seo an t-ainm ar gach camall aonchruite.