dcsimg

Lus an easpaig ( الأيرلندية )

المقدمة من wikipedia GA

Planda ilbhliantúil atá dúchasach don Eoraip is an Áise mheasartha, ach a tugadh isteach i Meiriceá Thuaidh. Táirgeann na gais fhada dreaptha faoin talamh an iliomad buinneán duilleogach agus gas suas le 1 m ar fhad. Na duilleoga roinnte i dteascáin ubhchruthacha fhiaclacha suas le 8 cm ar fhad. Na bláthanna bána in umbail 2-6 cm ar leithead. Fiaile sheasmhach i ngairdíní. Uaireanta, itear na duilleoga úra, cosúil le spionáiste. D'úsáidtí é tráth mar chóireáil ar an ngúta, agus thugtaí fiaile (lus) an ghúta air.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


ترخيص
cc-by-sa-3.0
حقوق النشر
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
النص الأصلي
زيارة المصدر
موقع الشريك
wikipedia GA