dcsimg

Briúlán ( الأيرلندية )

المقدمة من wikipedia GA

Planda díreach ilbhliantúil a dhéanann dois, dúchasach don Eoraip, iarthar na hÁise is tuaisceart na hAfraice is ea an briúlán (Rosa pimpinellifolia). Na duilleoga bunata den chuid is mó, rud beag scothghorm, cleiteach le duilleoigíní ubhchruthacha fiaclacha; na bláthanna i gceann cruinneogach le 4 shiopal, gan aon pheiteal. Fásann an briúlán sailéid 40 cm ar airde, le bláthanna glasa nó imir chorcra. Boladh an chúcamair óna fhásra brúite. Is mó an briúlán mór, a fhásann 60 cm ar airde agus a mbíonn bláthanna dúdhearga air.

Tá sé dúchasach do chóstaí na hEorpa Thiar agus na hAfraice Thiarthuaidh. Fásann sé ar dhumhcha gainimh agus in aice le haolchloch. Tá dlúthbhaint ag an mbriúlán le hAlbain, sa dara háit i ndiaidh an bhfeochadán mar shiomból den tír úd.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


ترخيص
cc-by-sa-3.0
حقوق النشر
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
النص الأصلي
زيارة المصدر
موقع الشريك
wikipedia GA