dcsimg

Cailleach dhearg ( Irish )

provided by wikipedia GA

Is planda bliantúil é an cailleach dhearg (Papaver rhoeas) a fhásann 60 cm díreach ar airde, agus a tháirgeann laitéis bhán. Dúchasach don Eoraip is an Áise, agus tugtha isteach i dtíortha eile. Na duilleoga roinnte colgach; na bláthanna cruinn le 4 pheiteal geal scarlóideach, uaireanta le bunphaiste dorcha; an capsúl i gcruth piobaráin le fáinne poll timpeall an imill. B'fhiaile fhorleathan í tráth, na síolta suanach sa talamh ar feadh cuid mhaith blianta, ag teacht chun cinn go tapa nuair a d'iompaítí an ithir i dtalamh insaothraithe nó suaite. Tá sí ag dul i léig anois le teicníochtaí feabhsaithe talmhaíochta. Is siombail bhrónach í den chéad chogadh domhanda, mar bhláthaigh cailleacha dearga sna páirceanna áir a bhí suaite ag buamáil, cath is bás.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA