Ceimiceán, eastósctha as an méirín púca, atá in úsáid mar chóireáil ar chliseadh croí is éidéime (an íorpais) le 800 bliain ar a laghad. Is gliocóisídí cairdiacha na comhábhair ghníomhacha san ábhar eastósctha. Is gliocóisídí cairdiacha íonghlanta (mar shampla, diogocsain) príomhchóireáil an lae inniu ar chliseadh croí. Is tocsaineach gach aon cheann de na drugaí seo ag dáileog atá níos mó ar éigin ná na dáileoga teiripeacha.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.