Druga scaoilteach a fhaightear ó fhaighneoga is duilleoga triomaithe cineálacha ar leith de Cassia, grúpa mór crann is tom atá dúchasach don Afraic is an Áise, a shaothraítear i réigiúin eile. Ar na cineálacha is forleithne a fhástar. Foinse séinne Alastair is ea Cassia acutifolia, tom a fhásann níos mó ná 90 cm ar airde, dúchasach don Afraic ón Éigipt go dtí an Nigéir. Na duilleoga le 3-7 péire duilleoigín ubhchruthach, na bláthanna le 5 pheiteal buí le féitheacha dearga i gcrobhaingí fada.