Crann síorghlas a fhásann suas go dtí timpeall 20 m. Dúchasach don Astráil, agus saothraítear ansin is i Haváí é. Na duilleoga suas le 30 cm ar fhad, lansa-chruthach, leathan os cionn an láir, docht is uaireanta colgach, i bhfáinní de 3-4 cinn. Na bláthanna i spící fada cromtha 2.5 cm ar trastomhas, síogómach le 4 theascán iombhláthanna bánbhuí. Na torthaí glas, agus scoilteann siad chun cnó cruinn inite a nochtadh.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.