Crann síorghlas a fhásann 18 m ar airde is ea an siocal (Manilkara chicle), dúchasach do Mheicsiceo agus Mheiriceá Láir, ach a fhástar in áiteanna eile. Na duilleoga éilipseach, na bláthanna bídeach scothghlas/bán sépheitealach, na torthaí 5-10 cm ar leithead, scothliath go dtí scothdhearg/donn le bia buí. Táirgeann sé laitéis bhán go flúirseach, a bhailítear, mar a bhailítear rubar, ar son an bhuin leaistigh le haghaidh guma coganta. Tugtar an pluma Sapodilla ar an toradh inite.