Planda ilbhliantúil, dúchasach don Eoraip is tuaisceart na hAfraice, le duilleoga snasta dúghlasa ar chruth rinn saighde is caora scarlóideacha nimhiúla. Sa bhláthra casta tá spéid shorcóireach ar dhath feola mairbhe a chuireann amach boladh lofa nuair a théann sé, agus a aomann cuileoga isteach. Snámhann siad seo go bun bleibeach na spéide glaise éadroime timpeall na mbláthanna baineanna is fireanna, agus gabhtar iad le fáinne gruaigí cosanta. Bailíonn na cuileoga an phailin ó na bláthanna fireanna agus pailníonn na bláthanna baineanna, ach ní féidir leo éalú ach nuair a thiteann an spéid isteach air féin is a fheonn na gruaigí tar éis pailnithe.