Planda ornáideach is ea Aster alpinus (an t-astar Alpach[1]) nádúrtha i sléibhte na hEorpa (lena n-áirítear na hAlpa), le fospeiceas nádúrtha i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe. Forb ilbhliantúil is ea é ag a mbíonn bláthanna corcra, bándearg nó gorm a bhaineann leis an ghéineas Aster.
Fásann an planda 6-12 orlach (15-30 cm). D'fhéadfadh dath an bhlátha bándearg, labhandar-corcairghorm, dubh-dúchorcra, nó bán-gar bhán agus d'fhéadfadh plandaí a bheith faoi bhláth go déanach san earrach nó go luath sa samhraidh , ó am go chéile, i lár an tsamhraidh. Sa Ríocht Aontaithe tá an planda fuair an planda an gradam 'Award of Garden Merit' ón Royal Horticultural Society ( An Cumann Ríoga Gairneoireachta).[2]
Fásann an planda go han-mhall sna cineálacha ithreacha; cré, siolt, dúrabhán, sioltchré, cré ghainmheach, srl. Is éard a íosmhéid scála pH ná 6 agus uasmhéid scála pH 7.5. Fásann sé go ceartseasmhach i bfhoirm 'coróin aonair'.
Fásann an planda níos fearr i gclíomaí a bhíonn go ginearálta níos fuaire.
I gcúigí Cheanada, i dtreo Mheiriceá Thoir-Thuaidh, tá an speiceas go mór i mbaol. Mar sin féin, sna codanna theas agus thiar-thuaidh , is cosúil go bhfuil an speiceas slán.[3]
Planda ornáideach is ea Aster alpinus (an t-astar Alpach) nádúrtha i sléibhte na hEorpa (lena n-áirítear na hAlpa), le fospeiceas nádúrtha i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe. Forb ilbhliantúil is ea é ag a mbíonn bláthanna corcra, bándearg nó gorm a bhaineann leis an ghéineas Aster.