Caisearbhán a thugtar ar dhá chineál planda den ghéineas Taraxacum is den fhine Asteraceae. Caisearbhán coiteann (T. officinale) agus caisearbhán deargshíolach (T. erythrospermum) is ainmneacha dóibh is tá siad dúchasach don Eoráise is do Mheiriceá Thuaidh, ach tá siad flúirseach ar fud na cruinne. Tá an dá speiceas inite ina n-iomláine. Fearacht gach ball den fhine Asteraceae, tá mionbhláthanna acu cruinnithe le chéile i mbláthcheann ilchodach. Tugtar bláthóg ar gach aon bhláth sa bhláthcheann. Baineann an-chuid ball den ghéineas Taraxacum úsáid as apaimiscis chun síolta a tháirgeadh go héagnéasach, 'sé sin le rá in éagmais pailniú, rud a fhágann go bhfuil sliocht gach máthairphlanda díreach cosúil leis ó thaobh na géineolaíochta de.