dcsimg
Sivun Purosammalet kuva
Life » » Archaeplastida »

Lehtisammalet

Bryophyta

Caonach ( Iiri )

tarjonnut wikipedia GA

Planda beag neamhshoithíoch spórach atá gaolmhar leis na haelusanna is na cornlaigh. Fásann sí i bhfoirm mata nó adhartáin. Is gaiméitifít an planda feiceálach a thosaíonn mar chorp neamhidirdhealaithe (tallas), nó níos minice fós, struchtúr snáithíneach (prótainéam) atá cosúil le halga glas. Fásann sé seo ina phlanda coitianta le gais, duilleoga simplí fíneálta, agus ríosóidí ilcheallacha. Capsúl ar ghas a bhíonn sa spóraifít, le colún lárnach is cuid mhaith spór. Aibíonn an capsúl tar éis don ghas a bheith fadaithe, agus fuasclaítear na spóir trí phóir nó scoilteanna nó, i gcineálacha ar leith, go pléascach. Faightear caonach i ngach áit, beagnach, ach in áiteanna taise foscúla is minice í. Tá cineálacha atá in ann triomú maith a sheasamh, agus áitríonn cuid acu áiteanna an-tirime, cosúil le fallaí.

 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
lisenssi
cc-by-sa-3.0
tekijänoikeus
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
alkuperäinen
käy lähteessä
kumppanisivusto
wikipedia GA