Alga glas micreascópach aoncheallach atá flúirseach i ngnáthóga mara is fionnuisce. Bíonn blaosc sheachtrach (fruistín) air, le silice inti, a bhíonn ornáideach go minic agus débhlaoscach. Atáirgeann sé go coitianta trí dheighilt ina dhá leath (eamhnú dénártha). Tagann an dath glas ó líocha clóraifille ann.