Géineas d'éan mara is ea Anous (Leagan Gaeilge; sméidire) den fhine Laridae, lena n-áirítear cúig speiceas. Faightear iad go nádúrtha i dtimpeallacht ina bhfuil aeráid thrópaiceach ann, ó Haváí go dtí an oileára Tuamotus san Aigéan Ciúin, ón Mhuir Rua go dtí na Séiséil agus san Aigéan Indiach agus sa Mhuir Chairib go dtí Tristan da Cunha san Aigéan Atlantach.
Thug an nádúnaí Sasanach James Francis Stephens an géineas isteach sa bhliain 1826. [1][2] Sa tSean-Ghréigis ciallaíonn an focal 'Anous' "dúr" nó "amaideach".[3] Bhí tuairim ag mairnéalaigh go raibh sméidirí neamhairdeallach, is cosúil go raibh neamhshuim acu roimh sealgairí nó creachadóirí.[4] Faigheann siad sábháilteacht nuair atá líon mór acu le chéile. Thug staidéir fíligéineolaíocht mhóilíneach le fios, a foilsíodh sa bhliain 2007 go an géineas 'Anous' ina dheirfiúrghrúpa le clád ina raibh na geabhróga, na faoileáin agus na scimeirí. [5]
Rangú in ord aibítreach: