Mismín cait den speiceas
Nepeta curviflora
Planda ilbhliantúil le gais chearnacha a fhásann 1 m ar airde, dúchasach don Eoraip is an Áise, go minic ar ithreacha cailceacha. Na duilleoga ubhchruthach fiaclach i bpéirí urchomhaireacha, na bláthanna démhaothánach, bán le spotaí corcra, i bhfáinní a dhéanann spící. Gaolta le fíormhismín, agus bíonn a bholadh tarraingteach do chait.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.