Luibh ilbhliantúil le gas colgach a fhásann 90 cm ar airde, dúchasach do Mheiriceá Theas. Fiaile choitianta i réigiúin thrópaiceacha, agus saothraítear go minic é i dtithe gloine i réigiúin mheasartha. Na duilleoga roinnte i nduilleoigíní caola. An-chigilteach, ag léiriú gluaisní nastacha is ag iamh istoíche. Is féidir an fhreagairt seo a bhrostú trí theagmháil leis an bplanda nó é a chrith. Níl eolas ar an meicníocht, ach is féidir gur bealach é chun tréghalú a laghdú, nó cosaint ar ainmhithe innilte. Tar éis tamaillín, filleann sé ar a bhunstaid.