Crann beag duillsilteach a fhásann 6 m ar airde. A bunús doiléir, ach is féidir go bhfuil sí dúchasach don tSín. Na duilleoga éilipseach go leathfhada, biorach fiaclach; na bláthanna bándearg, go hannamh bán, ag teacht amach roimh na duilleoga; an toradh cruinn síodúil 4-8 cm ar trastomhas, buí lasta le dearg, le bia ramhar milis is cloch chlaiseach ann. Saothraithe le fada, go minic ar laitís.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.