Is éan é an Bulbal atá dúchasach don Afraic thrópaiceach, Madagascar is deisceart na hÁise. Na sciatháin gearr, an t-eireaball fada, guairí righne ag bun an eireabaill bhioraigh. Glórach tréadúil. Áitríonn sé coillearnach nó talamh shaothraithe. Itheann sé torthaí is feithidí.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.