dcsimg

Lóibéilia ( Irlandèis )

fornì da wikipedia GA
 src=
Lobelia laxiflora

Géineas an-mhór (415 speiceas) an-ilghnéitheach plandaí blátha is ea na lóibéilianna, ó phlandaí beaga bliantúla go dtí plandaí colúnacha mothallacha ilbhliantúla, a fhásann go dtí na méadair ar airde. Faightear beagnach gach áit iad ach na réigiúin thrópaiceacha is fhothrópaiceacha den Domhan Úr go háirithe. Na duilleoga simplí ailtéarnach. Na bláthanna casta 180°, de ghnáth dearg, gorm nó vialait, síogamorfach le 5 pheiteal cónasctha ag déanamh feadáin chuartha dhéliopaigh. Saothraítear an-chuid díobh mar mhaisiúchán. Bíonn siad i raon leathan gnáthóg, cuid mhaith díobh uisciúil, agus saghsanna fathachúla ar shléibhte ar leith in oirthear na hAfraice. Bíonn alcalóidigh mharfacha i gcuid acu. Tá ceann sa tSile a bhfuil a bholadh nimhiúil.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


licensa
cc-by-sa-3.0
drit d'autor
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visité la sorgiss
sit compagn
wikipedia GA