dcsimg

Lus an bhorraigh ( Irish )

provided by wikipedia GA

Planda ascaideach feoiliteach, uisciúil den chuid is mó, le duilleoga roinnte go mín, na teascáin le bolgáin bhídeacha. Na bláthanna démhaothánach sporach, iompartha ar spící caola ag gobadh os cionn an uisce. Feithidí is crústaigh a fheidhmíonn mar chreach, agus gabhtar iad sna bolgáin bhídeacha. Ar gach bolgán, bíonn comhla tógála a ghníomhachtaítear chun dúnadh nuair a dhéantar tadhall le ribí íogaire istigh ann, súitear an chreach isteach agus gabhtar í. Athchuirtear an chomhla tógála tar éis don phlanda cothaithigh a ionsú ón gcreach. Snámhann na speicis atá dúchasach do réigiúin mheasartha go saor, ach iad siúd atá dúchasach do na trópaicí, is féidir gur plandaí talún nó eipifítí iad.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA