Planda ilbhliaintúil le bun mór bán cosúil le tiúbar, dúchasach don Eoraip, iarthar na hÁise agus tuaisceart na hAfraice. Na gais fada caol, ag dreapadh le teannóga, na duilleoga trí- nó cúigliopach bosach fiaclach. Na bláthanna glasbhán, le 5 pheiteal, na fireannaigh 12-18 mm ar leithead, na baineannaigh níos lú agus ar phlandaí difriúla. An chaor 5-8 mm ar leithead, agus athraíonn a dath ó ghlas go bán, flannbhuí, is ar deireadh, dearg.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.