Ord mór crústach, ainmhithe mara den chuid is mó, a mbíonn 3 phéire cos tóracsach acu, mionathraithe ina ladhracha (gialltroithigh) i gcomhair ite, agus 5 phéire cos siúil. An cumhdach adharcach (blaosc) comhtháite ar feadh na droma chun seomra giolbhach a sholáthar os cionn bun na gcos. Timpeall 10,000 speiceas beo, ina measc na portáin, na gliomaigh, agus na ribí roibéis.