Cineál alga ghlais fhiliméadchruthaigh san ord Zygnematales a fhaightear in uisce úr. Bíonn an clóraplast mar bhanda ar dhéanamh ríbín bhísigh ar feadh na cille. San atáirgeadh gnéasach tarlaíonn comhchuingriú idir dhá fhiliméad, rud a chruthaíonn síogóit fhrithsheasmhach.
Ainmníodh as an leagan amach héiliciúil nó bíseach a bhíonn le feiceiceáil in a gclóraplasit agus úsáidtear seo mar chritéar fáthmheasa an ghéinis. Is minic a fhaightear é i limistéir fhionnuisce, agus tá níos mó ná 400 speiceas den Spirogyra ar fud an domhain. Bíonn Spirogyra thart ar 10 go 100μm ar leithead agus féadfaidh a fhad bheith ina cheintiméadair.
Bíonn Spirogyra neamhchraobhach len a chealla sorcóireacha ceangailte ó cheann go ceann i bhfiliméidí glasa fada. Bíonn dhá shraith sa chillbhalla: an balla seachtrach comhdhéanta de cheallalós agus an balla istigh de pheictin.