Hibrid thimpisteach an tsú craobh is na sméire duibhe is ea an Lóganchaor, timpiste a tharla i ngairdín an Bhreithimh Logan i gCalifornia, agus a ainmníodh as. Níl an tom chomh deilgneach le tom na sméire duibhe. Bíonn na torthaí cosúil le súnna craobh, ach níos mó géarbhlasta ná ceachtar de na tuismitheoirí. Saothraítear go forleathan é sna Stáit Aontaithe, sa Bhreatain is in Éirinn.
{{DEFAULTSORT:Loganchaor]]
{{DEFAULTSORT:Loganchaor]]