dcsimg

Hocas ( irlandais )

fourni par wikipedia GA

Luibh bhliantúil nó ilbhliantúil ó réigiúin mheasartha sa leathsféar thuaidh. Na duilleoga roinnte i maotháin bhosacha. Na bláthanna le heipeacailís, cailís agus 5 pheiteal croíchruthach nó le heang dhomhain iontu, ar dhath an róis, corcra nó bán, go minic le féitheacha dorcha. Cuid mhaith staimíní ceangailte i gcolún lárnach. Fáinne leata teascán aon síol an toradh, cosúil le cáiseanna beaga. Gaolmhar le cadás agus hibisceas, ar cosúil le chéile a mbláthanna.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


licence
cc-by-sa-3.0
droit d’auteur
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visiter la source
site partenaire
wikipedia GA