Planda ilbhliantúil cumhra a fhásann 60 cm ar airde. Is dócha gur dúchasach d'oirdheisceart na hEorpa is codanna den Áise é, ach tugadh isteach in an-chuid áiteanna eile é. Na duilleoga leathbhuí glas, le duilleoigíní liopacha nó fiaclacha. Na bláthchinn suas le 2 cm ar leithead, ar ghais fhada, i gcrobhaingí scaoilte barrleata. Na bláthóga seachtracha a bhíonn ag leathadh bán, iad siúd sa teasc inmheánach buí. Fástar mar mhaisiúchán é agus luibh leighis, a luaitear mar mhaolú ar mhéigrim, ach amháin go mbíonn fothorthaí tocsaineacha air freisin.