dcsimg

Lus na gréine ( irlandais )

fourni par wikipedia GA

Is cineál planda é Lus na gréine. Tá lus na gréine dúchasach i Meiriceá Thuaidh agus i Meiriceá Theas, go príomha, ach saothraítear é ar fud chreasanna measartha an domhain, nach mór. Is luibh bhliantúil é a bhfuil gas garbh clúmhach air de ghnáth. Tá an lus gréine tábhachtach ó thaobh cúrsaí geilleagair de. Déantar ola bhuí mhilis as le haghaidh cócaireachta agus úsáidtear an ola le gallúnach agus péint a dhéanamh. Bealaítear innealra leis an ola freisin. Tugtar cáca ola déanta as do bheostoc agus do na héanlaithe. Iteann daoine na síolta triomaithe nó rósta. Is iad an Airgintín, an Úcráin, an Rúis, na Stáit Aontaithe, an tSín, agus an Fhrainc na tíortha a tháirgeann na barra is mó ar domhan.

 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


licence
cc-by-sa-3.0
droit d’auteur
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visiter la source
site partenaire
wikipedia GA