Toradh an phailm eabharchnó. Táirgtear i dtuaisceart Mheiriceá Theas é. Suas le 40 cnó an-chrua i gcapsúl amháin, gach ceann timpeall 5 cm ar leithead. Úsáidtear ábhar plandúil an chnó in ionad eabhair. Déantar cnaipí is a leithéid as. Má shiltear aigéad sulfarach tiubhaithe air, tagann dath dearg air, athrú nach dtarlaíonn le fíoreabhar.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.