Luibh bheag le bleib is ea an cloigín gorm a athnuaitear gach bliain, dúchasach d'iarthar na hEorpa. Na duilleoga beiltchruthach, an bláthra aontaobhach. Na bláthanna 1.5-2 cm ar leithead, clogchruthach cromtha, gorm ach uaireanta scothbhándearg nó bán. Go minic déanann sé coilíneachtaí ollmhóra i gcoillte is ar bharr aillte.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.