Ainmhí beag is ea an giorria. Mamach atá ann agus is ball d'fhine na Leporidae é[1].
Is mó é seo ná coinín. Bíonn a chosa deiridh fada láidir agus bíonn barr dubh ar na cluasa fada. Donnbhuí a bhíonn a chuid fionnaidh agus fanann an dath sin air ó cheann ceann na bliana. Dubh a bhíonn an t-eireaball thuas agus geal thíos. Cé gur ar fud na hEorpa atá sé le fáil, tá sé ar iarraidh sna háiteanna seo: Éire, an leithinis Ibéarach agus formhór Chríoch Lochlann.
Donnghlas a bhíonn a fhionnadh sa samhradh agus geal a bhíonn a bholg. Sa gheimhreadh is amhlaidh a bhíonn an fionnadh geal (sna tíortha le sneachta) nó glas, cé go bhfanann an dath dubh ar bharr na gcluas. In Éirinn, donn a bhíonn a fhionnadh ó cheann ceann na bliana.
I gcoillearnach dhuillsilteach oscailte agus ar mhóinteáin arda a chónaionn sé. Tá sé le fáil in Éirinn, in Albain agus ó Chríoch Lochlann soir. Ní fhaightear níos faide ó dheas é ach amháin sna hAlpa.
Is lú giorria na rinne (Lepus capensis) agus donnrua a bhíonn fionnadh an bhrollaigh is na dtaobhanna. Is lú an giorria sléibhe agus geal a bhíonn a eireaball uile. Is lú an coinín agus is giorra a chosa; ní dubh a bhíonn barr a chluasa ach a oiread.
Tá giorria na rinne le fáil ina lán áiteanna san Afraic agus sa Mheánoirthear.