Planda ilbhliantúil a bhfuil dhá chineál de, dúchasach don Eoraip, an Áise agus tuaisceart na hAfraice, iad araon gaolmhar le mismín. Na gais cearnach, na duilleoga rocach i bpéirí urchomhaireacha, na bláthanna déliopach i bhfáinní. Is planda bréan le bláthanna corcra is cochall orthu an grafán dubh féin. Planda bánbhosach is ea an cineál eile, an t-orafunt, le bláthanna bána agus liopa uachtarach scoilte ina lár, a úsáidtear mar luibh leighis don chasacht.