dcsimg

Néimeatóid ( Irish )

provided by wikipedia GA
 src=
Néimeatóid sheadánach a mhaireann ar phónairí soighe in éineacht lena hubh
 src=
Eophasma jurasicum, iontaise de néimeatóid dhíobhaí

Is éard atá i gceist le néimeatóid ná cruinnphéist fhada shorcóireach, barrchaolaithe as a dhá cheann. 80,000 speiceas ar eolas, ach suas lena 10 n-oiread sin ar Domhan i ndáiríre, meastar. Tá fíleam dá gcuid féin acu. Bíonn siad 1 mm - 1 m ar fhad.

Tá siad cosúil leis an bpéist talún. Maireann sí i ngnáthóg fhliuch: fíocháin plandaí, ithir fhliuch nó fíocháin is sreabháin an ainmhí. Go mór i gceist maidir le lobhadh plandaí is ábhar orgánach eile sa nádúr. Is lotnaidí cuid acu de bhrí go n-ionsaíonn siad fréamhacha barraphlandaí. Tá gnéithe ina seadáin in ainmhithe is daoine. Suas le 50 speiceas i ndaoine, ina measc an phéist chruacach is an phionnapéist. Ceann áirithe a fhaigheann an duine ó mhuiceoil fhochócaráilte, cuireann sí tús leis an ngalar tricíonóis. Amanna, bíonn na cruinnphéisteanna seo ag maireachtáil taobh istigh de cholainn an óstaigh gan aon ghalar a chur ar bun. Is iad seo na néimeatóidí is coitinne a spreagann galair i ndaoine: iad sin a mhaireann sa stéig (snáthphéisteanna, lascphéisteanna, na crúcaphéisteanna is cúis leis an anaemacht sna trópaicí go minic), iad sin a mhaireann sna fíocháin tar éis a bheith curtha iontu trí ghreamanna feithidí (cosúil leis an bpéist is cúis le daille abhann), agus iad sin a chuireann tús le galair in ainmhithe is a mhalartaítear chuig daoine ó am go chéile (cosúil le péist ar leith tocsacara madraí a aistrítear uaireanta ina larbha ó fhaecas an mhadra ionfhabhtaithe do pháiste, a dhéanann damáiste do reitiní na súl sa pháiste, agus mar sin don radharc).

 src=
Caenorhabditis elegans, sampla eile de phéist néimeatóideach


 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA