Rang crústach uisciúil a fhaightear den chuid is mó in uiscí intíre, ó fhionnuisce go dtí uisce an-salannda, agus ó am go chéile sa bhfarraige. Feidhmíonn na géaga ar an gcabhail, atá cosúil le duilleoga, mar ghaireas chun bia a bhailiú is mar gheolbhaigh. Timpeall 820 speiceas ar eolas, agus cuimsíonn siad ribí róibéis torbáin, ribí róibéis siógacha, ribí róibéis brealláin, is dreancaidí uisce.