dcsimg

Celaenia excavata ( Irish )

provided by wikipedia GA

Damhán beag coitianta is ea Celaenia excavata (damhán caca éincacadán) atá le fáil go minic i ngairdíní. Itheann sé feithidi, go háirithe féileacáin oíche.

Cuireann an damhán seo dealramh caca éin air féin mar cheileatram. Dath dubh agus bán atá air, agus fanann an damhán baineannach gan bhogadh ar feadh an lae, a cosa tarraingte aníos agus a bolg ina chruit. Is lú toirt an damháin fhireannaigh ná toirt an damháin bhaineannaigh.

Scaoileann an damhán seo uaidh boladh atá cosúil le faramón gnéis a úsáideann féileacáin bhaineannacha oíche chun féileacáin fhireannacha a mhealladh. Nuair a dhruideann na féileacáin úd isteach leis an damhán beirtear orthu.

Is féidir leis an damhán caca éin suas le trí saic uibheacha déag a bhreith. Tá dath dúdhonn orthu agus baill dhubha, agus fágtar ar crochadh sa líon iad. Bíonn an damhán baineannach ag faire ar na huibheacha go dtí go dtagann an t-ál amach, rud a dhéantar, de ghnáth, i ndeireadh an gheimhridh nó i dtús an Earraigh.

Naisc sheachtracha

Eolas ar an gcacadán ó Mhúsaem Victoria

license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA

Celaenia excavata: Brief Summary ( Irish )

provided by wikipedia GA

Damhán beag coitianta is ea Celaenia excavata (damhán caca éin nó cacadán) atá le fáil go minic i ngairdíní. Itheann sé feithidi, go háirithe féileacáin oíche.