Planda bleibeach débhliantúil de chlann na lile is ea an t-oinniún (Allium cepa L., ciallaíonn an focal cepa "oinniún" i Laidin). Ó iarthar na hÁise ó dhúchas, ach fástar go fairsing é ar son na bleibe inite. Fástar ón síol é, ón sáiteán (síolphlanda a bhfuil a fhorbairt cosctha trí bheith aibithe go luath sa séasúr), trí roinnt bleibe (in oinniúin iolraitheora), nó ó cheann (bleib bheag a chruthaítear in ionad síl i saghsanna áirithe). Bán, buí nó dearg. Na saghsanna ón Spáinn is na Beirmiúdaí an-mhór is séimh.