Is ainmhí é cat crainn Pennant (Pekania pennanti). Mamach beag uiliteach atá ann. Is ball d'fhine na Mustelidae é agus is é an t-aon bhall den ghéineas Pekania é. Tá an géineas Pekania gaolta leis an gcat crainn Meiriceánach (Martes americana). Gnáthaíonn sé na coillte i gcuid mhór de Cheanada, ó chósta go cósta, agus in áiteanna i dtuaisceart na Stát Aontaithe. D'ainneoin a ainm, níl sé gaolta leis na cait.