dcsimg

Miridae ( İrlandaca )

wikipedia GA tarafından sağlandı

Fine mhór ilghnéitheach d'fheithidí is ea na Miridae (tráth, mar Capsidae).[1] Is féidir tagairt a dhéanamh don speiceas mar fhríd chaipsideach. I measc na n-ainmneacha coitianta a tugtar orthu bíonn frídí (nó feithidí) plandaí, duilleacha, agus féir. Is í an fhine is mó d'fhíor-fheithidí bainteach leis an fho-ord Heteroptera; a chuimsíonn os cionn 10,000 speiceas ar eolas, agus bíonn cinn nua eile á cur leo i gcónaí. Bíonn an chuid is mó de na miridigh aitheanta go forleathan mar lotnaidí talmhaíochta Speicis iad a phollann fíocháin na bplandaí, a bheathaíonn ar shú glasraí, agus uaireanta a tharchurann galair víreasacha plandaí. Mar sin féin, bionn roinnt speiceas creachóireach.

Cur síos

 src=
Speiceas tipiciúil de na Miridae, ag taispeáint an cuneus ag barr an chóiriam
 src=
Sciathán de speiceas de Miridae, ag taispeáint an cuneus

Is feithidi beaga talún iad na Miridae, de ghnáth ubhchruthach nó fadaithe le tomhas níos lú ná 12 milliméadar ar fhad. Bíonn cruit ar go leor acu, mar gheall ar chruth an phrótóracs, a iompraíonn an ceann cromtha síos. Tá cuid acu gheal dháite agus patrúnaithe go tarraingteach, cinn eile liathdhonn nó dorcha, an chuid is mó neamhfheiceálach. Déanann roinnt géineas aithris ar na seangáin, ag céimeanna áirithe den saol. Ní bhíonn aon súileog nó ocelli acu. Tá ceithre dheighleoga ag a rostrm. Is gné úsáideach d'fhonn baill den fhine a aithint ná láithreacht an cuneus, se sin rinn triantánach an chóiriam, cuid cheiritineach daingean den an sciathán tosaigh, an hemelytron. Bíonn an cuneus le feiceáil sna Miridae go léir beagnach, agus ní bhíonn sé ach ag chúpla Hemiptera eile , go háirithe i bhfine na nAnthocoridae, nach bhfuil mórán mar mar an gcéanna leis na Miridae ar bhealaí eile. Bíonn,i gcónaí, trí dheighleoga sna tarsais. [2]

Tuilleadh léitheoireachta

  • "Systematics, Biodiversity, Biogeography, and Host Associations of the Miridae (Insecta: Hemiptera: Heteroptera: Cimicomorpha)" (2012). Annual Review of Entomology 57: 377–404. doi:10.1146/annurev-ento-121510-133533. PMID 22149267.
  • Wheeler, Alfred George, Jr. (2001). "Biology of the plant bugs (Hemiptera: Miridae), pests, predators, opportunists". Ithaca, New York: Cornell University Press. Google books preview

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Henry, T. J. and A. G. Wheeler, Jr., 1988A. Family Miridae Hahn, 1833 (= Capsidae Burmeister, 1835). The plant bugs, pp. 251--507. In: Henry, T. J. and R. C. Froeschner (eds.), Catalog of the Heteroptera, or True Bugs of Canada and the Continental United States. E. J. Brill, Leiden.
  2. Richards, O. W.; Davies, R.G. (1977). "Imms' General Textbook of Entomology: Volume 1: Structure, Physiology and Development Volume 2: Classification and Biology". Berlin: Springer.
lisans
cc-by-sa-3.0
telif hakkı
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
orijinal
kaynağı ziyaret et
ortak site
wikipedia GA

Miridae: Brief Summary ( İrlandaca )

wikipedia GA tarafından sağlandı

Fine mhór ilghnéitheach d'fheithidí is ea na Miridae (tráth, mar Capsidae). Is féidir tagairt a dhéanamh don speiceas mar fhríd chaipsideach. I measc na n-ainmneacha coitianta a tugtar orthu bíonn frídí (nó feithidí) plandaí, duilleacha, agus féir. Is í an fhine is mó d'fhíor-fheithidí bainteach leis an fho-ord Heteroptera; a chuimsíonn os cionn 10,000 speiceas ar eolas, agus bíonn cinn nua eile á cur leo i gcónaí. Bíonn an chuid is mó de na miridigh aitheanta go forleathan mar lotnaidí talmhaíochta Speicis iad a phollann fíocháin na bplandaí, a bheathaíonn ar shú glasraí, agus uaireanta a tharchurann galair víreasacha plandaí. Mar sin féin, bionn roinnt speiceas creachóireach.

lisans
cc-by-sa-3.0
telif hakkı
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
orijinal
kaynağı ziyaret et
ortak site
wikipedia GA