Planda rúpach débhliantúil a fhásann 3 m ar airde is ea an feabhrán nó odhrán. Tá sé dúchasach do na réigiúin mheasartha ó thuaidh. Bíonn na duilleoga suas le 30 cm ar fhad, roinnte i dteascáin ubhchruthacha nó lansa-chruthacha, go minic liopach nó fiaclach. Na bláthanna bán nó scothbhándearg in umbail 5-15 cm ar leithead. An toradh leata leathaneiteach. Gaolmhar leis an bhfeabhrán capaill atá níos mó ná é, ag fás suas le 5 m ar airde. Sa chás seo, bíonn spotaí dearga ar na gais, agus na humbail suas le 50 cm ar leithead. Dúchasach d'iardheisceart na hÁise. Fástar mar mhaisiúchán é uaireanta, ach is féidir go gcuirfidh sé tús le greannú pianmhar craicinn má dhéantar tadhall leis i solas geal gréine.