Tom duillsilteach nó crann beag leata a fhásann 4 m ar airde, dúchasach don Eoraip is iarthar na hÁise. 3-5 mhaothán neamhrialta fiaclach ar na duilleoga. Na bláthanna cúigpheitealach bán, i mbraisle 4-10 cm ar leithead, na bláthanna seachtracha seasc, i bhfad níos mó ná na bláthanna inmheánacha. Na torthaí cosúil le caora, dearg, go minic ar an gcrann fós tar éis do na duilleoga titim. Fuarthas foirm shóite de le bláthanna seasca amháin is iad i gcrobhaingí cruinneogacha den chéad uair i gcúige Gueldeland na hOllainne sa 14ú céad. Fástar go forleathan é mar mhaisiúchán, mar an gcrann liathróid sneachta.